D’oibrigh Tomás sa “Lodge” do P.H. O’Donnell ar an Dúchoraidh, bhí siopa aige. Bhí Tomás ag fáil dhá scilling sa lá mar ghiolla. Bhí siopa agus teach leanna ann agus bhíodh obair go leor le déanamh ag Tomás. D’fhág Tomás an áit de thairbhe go raibh trí mháistir air. D’iarr siad air pilleadh ar ais agus tháinig nuair a fuair sé leath choróin sa lá.
00:08:04
In 1963 d’imigh Tomás go Londain agus rinne sé obair thógála ar feadh cúpla bliain. Nuair a phill sé na bhaile chaith sé naoi mbliana déag ag obair go háitiúil leis an Choimisiún Fhoraoiseachta.